Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Sa sean-am - oibrithe (táilliúirí/fíodóirí) ag taisteal ó theach go teach ag déanamh a gcuid oibre taobh istigh de na tithe ar feadh cúpla oíche sular bhog siad ar aghaidh. Bhí daoine sna tithe ag déanamh a gcuid sníomha/níocháin féin. | 00:01:12 | |
Cuimhne Éamoinn ar a athair ag táilliúireacht – seomra a bhí aige fá choinne a chuid oibre, ag gabháil ón 9 a chlog ar maidin go dtí a 9 a chlog tráthnóna, 6 lá sa tseachtain. | 00:01:23 | |
Táilliúirí - Ó Siail (Shiels) aitheanta mar ‘an táilliúir rua’, John Dhonnchaidh Mhícheáil (athair Phroinsie agus Jimí). D’fhoghlaim John a cheird ag Mac Duibheannaigh i bhFánaid. D’fhoghlaim athair Éamoinn a cheird ó John. | 00:00:41 | |